Ballyvourney Conference on 6th Feb 2010

from Airtricity (full details at http://www.imbolc.ie):

Beidh tionól iontach nua ar siúl ar an Satharn, 6 Feabhra 2010 san Ionad Cultúrtha, Baile Bhúirne, Co. Chorcaí. Is tionól aon lae é, agus beidh Gaeilgeoirí inspioráideacha ag caint ann, Gaeilgeoirí a bhfuil obair nó taighde ceannródaíoch ar bun acu, ó gach aon earnáil den saol – gnó, na healaíona, na heolaíochtaí & srl. ‘Sé an t-aon ábhar amháin atá á sheachaint againn ná cás na Gaeilge féin – tá a lán comhdhálacha ann cheana agus an Ghaeilge mar ábhar plé acu, agus ina áit sin is mian linn díriú isteach ar na tionscadail chruthaitheacha nuálacha atá idir lámh ag Gaeilgeoirí. Tá sé ar siúl ar bhonn go hiomlán neamhbhrábhúsach, agus tá na cainteoirí ag tabhairt a gcuid ama saor in aisce don ócáid.

Saturday, Febrary 6th will see ten of the most original and innovative thinkers in Ireland gather in Ballyvourney, Co. Cork, to give a day of talks on the ground-breaking projects they are working on. The name of the conference is “Imbolc”, and perhaps the most innovative facet of the whole event is that it is taking place entirely through the medium of the Irish language. It is being run on a non-profit basis, and all the speakers and organisers are volunteering their time for the event.

It is a one-day event, with each of the ten speakers given twenty minutes to make their presentation. As the speakers come from a wide range of disciplines, including business, science, the arts, and technology, this format will give the greatest opportunity for variety and the greatest possibility for cross-pollination of ideas.

From Siobhán Ní Chonchúir’s inside account of Google Ireland, to Rossa Ó Snodaigh’s talk on the difficulty of describing Irish music, to Annraoi de Paor’s work on deep-brain stimulation, each topic has been specifically chosen to showcase groundbreaking work being carried out by Irish-speakers. This is the conference’s first year, and we feel there is no other event that concentrates exclusively on innovative and inspiring ideas in the Irish language.

Below is a full list of the speakers:

Fionnbarra Ó Brolcháin
Fionbarra is a former professor at DCU, NUI Maynotth, and UCD. Fiontar, the business and enterprise unit at DCU, is his brainchild, and he recently published a book entitled “Capitalising on Culture, Competing on Difference”. In this work he challenges business leaders to use Ireland’s unique culture to maximise our competitive advantage on the international stage.

Siobhán Ní Chonchúir
Siobhán is a manager in Google Consumer Products in Dublin. The group caters for customers across Europe, Africa, and the Middle East who are using Google’s free software services such as Gmail, Blogger, and Maps.

Peadar Ó Riada
An award-winning composer, music is Peadar’s main area of expertise, and he is especially interested in traditional, ancient, tribal, spiritual, and classical forms. He is also involved in writing, directing, and education.

Ciarán Mac An Bhaird
Ciarán is a mathematics lecturer in NUI Maynooth with a keen interest in mathematics education. He is currently doing research on the advantages of using new-media educational tools, such as podcasts, screen casts, and touch screens.

Rossa Ó Snodaigh
Rossa is a member of the well-known group Kila, and as well as being a multi-instrumentalist, he is also an accomplished actor, poet, D.J., and teacher. Kila are releasing a new album around the time Imbolc will be running.

Annraoi de Paor
Annraoi is a professor emeritus of Engineering at UCD, famous among his students for his riveting lectures. His wide range of interests includes Biomedical Engineering, Geomagnetism, and Sustainable Energy Systems.

Colmán Ó Raghallaigh
Colmán is a highly-regarded author who, in 2002, published “An Sclabhaí”, the first Irish-language graphic novel. The work is a retelling of the ancient story of St. Patrick coming to Ireland and it won the Bisto Prize. He has published four further graphic novels since then.

Máirín O’ Lionáird
Máirín is an entrepreneur who, with her husband Peadar, formed the successful food company Folláin. On the go for twenty-six years, Folláin is now the largest supplier of jams in Ireland.

Aoife Nic Canna
Aoife is a D.J. with NEAR FM who specialises in showcasing innovative Irish electronic music to her listeners.

Michal Mechura
Michal is a software developer working with Fiontar, the enterprise unit at DCU. He is the architect behind focal.ie and logainm.ie, two very popular sites famous among Irish speakers.

Full details of the event are also to be found online at http://www.imbolc.ie.

————————

As Gaeilge:

Beidh tionól iontach nua ar siúl ar an Satharn, 6 Feabhra 2010 san Ionad Cultúrtha, Baile Bhúirne, Co. Chorcaí. Is tionól aon lae é, agus beidh Gaeilgeoirí inspioráideacha ag caint ann, Gaeilgeoirí a bhfuil obair nó taighde ceannródaíoch ar bun acu, ó gach aon earnáil den saol – gnó, na healaíona, na heolaíochtaí & srl. ‘Sé an t-aon ábhar amháin atá á sheachaint againn ná cás na Gaeilge féin – tá a lán comhdhálacha ann cheana agus an Ghaeilge mar ábhar plé acu, agus ina áit sin is mian linn díriú isteach ar na tionscadail chruthaitheacha nuálacha atá idir lámh ag Gaeilgeoirí. Tá sé ar siúl ar bhonn go hiomlán neamhbhrábhúsach, agus tá na cainteoirí ag tabhairt a gcuid ama saor in aisce don ócáid.

Beidh deichniúr ag caint ann, agus tabharfaidh gach cainteoir cur i láthair gairid, fiche nóiméad ar a mhéad, ar an obair a bhfuil ar siúl aige – tugann sé sin deis don lucht féachana réimse leathan d’ábhair a bhlaiseadh. Ba sheans iontach é bualadh le daoine a bhfuil cúrsaí ag éirí go hiontach leo, agus a bhfuil an Ghaeilge mar pháirt lárnach dá saolta ag an am céanna. Is é “meascán smaointe” atá á lorg againn – idir na cainteoirí agus an lucht féachana araon.

Mar is léir thíos, tá cainteoirí den scoth againn, le saothar agus scéalta fíorspéisiúla ag gach duine acu. Gan dabht beidh téama an tionóil, “Inspioráid na bliana”, tuillte go maith aige!

Fionnbarra Ó Brolcháin
Is iar-ollamh le DCU, NUI Maigh Nuad, agus UCD é Fionnbarra. Bhunaigh an t-ionad gnó Gaeilge, Fiontar, agus tá leabhar foilsithe aige le déanaí, “Capitalising on Culture, Competing on Difference : Innovation, Learning and Sense of Place in a Globalising Ireland”. Deir sé féin é seo faoina shaothar sin: “Is iad saintréithe na hÉireann an buntáiste iomaíoch is mó atá ag an bpobal. Cén fáth nach mbaintear feidhm as na saintréithe sin i bhfad níos mó ó thaobh polasaithe iomaíochta agus
nuálaíochta de?”

Siobhán Ní Chonchúir
Is bainisteoir i roinn na Táirgí Tomhaltóirí i nGoogle i mBaile Átha Cliath í Siobhán. Freastalaíonn an grúpa seo ar chustaiméirí ar fud na hEorpa, an Mheánoirthir agus na hAfraice, custaiméirí atá ag baint leas as táirgí saor in aisce ar nós Gmail, Blogger, Maps, Search, & srl.

Ciarán Mac An Bhaird
Is léachtóir i NUI Maigh Nuad é Ciarán a bhfuil suim ar leith aige in oideachas na matamaitice. Tá taighde ar bun aige faoi láthair faoi na buntáistí a bhaineann le modhanna nua teagaisc, mar phodchraoltaí, ‘screencasts’, agus scáileáin tadhaill.

Peadar Ó Riada
Is é an ceol an príomh suim sa saol aige ach go háirithe ceol traidisiúnta, ársa, treibheach, ceol eaglasta nó spioradálta agus ceol clasaiceach ach tá suim aige i ngach saghas ceoil ina dteannta san. Fear ildánach é a bhfuil ina oideachasóir, scríbhneoir, stiúrthóir chomh maith.

Rossa Ó Snodaigh
Is ball é Rossa den ghrúpa cáiliúil Kila, agus chomh maith lena bheith ina cheoltóir ildánach, tá sé ina aisteoir, fhile, D.J., mhúinteoir agus chleasaí! Tá albam nua le foilsiú díreach timpeall am Imbolc, agus ba sheans iontach é foghlaim faoin bpróiseas cruthaitheach sin.

Aoife Nic Canna
Is DJ í Aoife a chuireann ceol nuálaíoch leictreonach os comhair a lucht éisteachta. Tá clár aici ar an stáisiún raidió NEAR90 fm, a dhíríonn isteach ar cheol leictreonach dúchasach Éireannach, agus tá sí leis sin ina DJ rialta ag South William, Bia Bar agus The Pod i mBaile Átha Cliath.

Colmán Ó Raghallaigh
Tá cáil ar Cholmán Ó Raghallaigh mar scríbhneoir agus tá an-tóir ar a chuid leabhar. I 2002 d’fhoilsigh sé An Sclábhaí, an chéad úrscéal grafach as Éirinn. Insint úr shamhlaíoch ar ghabháil agus éalú Naomh Pádraic atá ann agus ghnóthaigh sé Duais Bisto dó. Tá ceithre cinn eile scríofa aige ó shin: An Tóraíocht (2003), An Teachtaire (2004) An Táin (2006), agus Deirdre agus Mic Uisnigh (2008).

An tOllamh Annraoi de Paor
Is iar-ollamh innealtóireachta in UCD é Annraoi de Paor, a bhfuil clú agus cáil air i measc na ndaltaí mar gheall ar na léachtaí suimiúla a thugann sé. Tá réimse suimeanna an-leathan aige, ina measc: Innealtóireacht Bithleighis, Geomaighnéadas, agus Córais Fhuinneamh In-athnuaite.

Máirín O’ Lionáird
Is fiontraí í Máirín, a bhunaigh an comhlacht rathúil Folláin lena fear céile Peadar. Tá Folláin lonnaithe i nGaeltacht Mhúscraí in Iarthar Chorcaí. Is é aidhm an chomhlachta, ná bia den chaighdeán is airde a chur ar fáil i siopaí ar fud na hÉireann, agus i siopaí áirithe i Sasana agus i Meiriceá Thuaidh. Tá Folláin anois sé bliana is fiche d’aois agus fás agus borradh mór tagtha ar an ngnó.

Michal Mechura
Is ceardaí ríomhaireachta é Michal Mechura atá ag obair le Fiontar, DCU. Is eisean ailtire na gcóras ríomhaireachta taobh thiar de focal.ie agus logainm.ie, dhá shuíomh a bhfuil clú agus cáil orthu i measc lucht na Gaeilge.

Beidh fáilte agus fiche roimh gach éinne ag Imbolc. Sílimid féin nach bhfuil tionól díreach mar seo ar an bhfód cheana – tionól a bhfuil sé mar aidhm aige a bheith ina “Inspioráid na Bliana”.

Is féidir a thuilleadh eolais agus clárú a dhéanamh ar http://www.imbolc.ie chomh maith.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.